Fáilte go dtí Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma

Tá Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma, le breis agus 2,300 heicteár, ar an Anaclann Dúlra is mó in Éirinn faoi úinéireacht an stáit. Cé go bhfuil siad measartha ard (is é Ard Éireann an pointe is airde ag 526 méadar), tugann Sliabh Bladhma cuid de na radharcanna is fearr sa tír i ngach treo.

Sa bhliain 1985 a bunaíodh í lena bainistiú sa tslí go gcaomhnófaí éiceachóras bratphortaigh na sléibhte. Ina theannta sin, tá an Anaclann Dúlra ainmnithe mar Shuíomh Bogaigh Ramsar agus ina Thearmann Bithghiniteach de chuid Chomhairle na hEorpa. Ainmníodh mórchuid den limistéar ardtailte ina Limistéar Caomhantais Speisialta (SAC). Is é an bratphortach sléibhe a chaomhnú príomhchuspóir an Limistéir Chaomhantais Speisialta. Limistéar faoi Chosaint Speisialta is ea Sliabh Bladhma chomh maith, toisc an gá atá le Cromán na gCearc, éan creiche neamhchoitianta, a chaomhnú.