Flora

I measc na bplandaí atá le fáil ar an bportach tá caonach sphagnum, ceannbhán, cíb cheanngheal, lus na feannóige, fraoch naoscaí, sciollam na móna agus fionnán. Tá léicin gheala le feiceáil i ngach áit. Sna linnte is fliche agus i mborrfháis (criosanna silte) den phortach gheofar drúchtíní, lus an bhorraigh agus leith uisce. Sa mhóinteach nó sna fraochmhánna atá beagán níos tirime, is fraoch mór nó fraochan nó fraochóg atá le feiceáil freisin. Speicis eile nár mhiste a lua is ea an dédhuilleog bheag, aiteann Muire chomh maith le mónóg agus lus na móinte. Meastar gur cruthú ar nasc bláthúil idir an bratphortach sléibhe agus portaigh ardaithe lár na tíre é an fhlúirse de lus na móinte agus den mhonóg ós ar phortaigh ardaithe a fhaightear an dá speiceas sin de ghnáth. Nasc tábhachtach is ea an anaclann dúlra i ngrádán thoir-thiar phortaigh na hÉireann, i bhfianaise an dá speiceas sin a bheith le fáil ann. Cuireann limistéir de thalamh féaraigh arda, féarach fliuch, coillearnach leathanduilleach agus scrobarnach le héagsúlacht an tsuímh. Sna clasáin agus sna máim a ghearr na srutháin sléibhe as an gcarraig gheofar ‘micreaghnáthóga’eile ar díol suntais iad.

Plandaí portaigh:- caonach sphagnum, ceannbhán (Eriophorum), ceannbháin (Eriophorum spp), cíb cheanngheal (Scirpus respitosus nó Trichophorum germanicum), lus na feannóige (Empeter nigrum), fraoch naoscaí (Erica tetralix), sciollam na móna (Narthecium ossifragum), fionnán (Molina cerula), léicin cladonia.
Sna linnte is fliche agus i mborrfháis gheofar drúchtíní, lus borraigh mór agus leith uisce.

Plandaí móintigh agus fraoigh:- fraoch mór (calluna vulgaris), fraochán (vaccinium myrtillus), dédhuilleog bheag (listera cordata), aiteann Muire (huperzia selago), mónóg (vaccinium oxycoccos), lus na móinte (Andromeda polifolia).

Odhrach bhallach
Fraoch naoscaí
Sciollam na móna