Téigh ar cuairt

Is ceantar uathúil é Anaclann Dúlra Shliabh Bladhma atá suite i gcroílár na tíre. Is tearmann don fhiadhúlra é an Anaclann Dúlra agus déantar é a bhainistiú don dúlra; an ghnáthóg, agus na speicis a bhíonn ag brath uirthi le go mairfidh siad. Is timpeallacht íogair é mar sin, go háirithe d’éin neadaithe ar an talamh ar féidir iad a dhíspreagadh ó neadú agus ál a chruthú má chuirtear isteach orthu.
Cé go bhfáiltítear roimh chuairteoirí, iarraimid ort an t-eolas maidir le rochtain a léamh le do thoil agus gan tada a fhágáil i do dhiaidh, agus bíodh a fhios agat cá háit a gceadaítear a bheith ag siúl ar an tearmann.